Tuesday, December 18, 2007

as mo dhialann Gaeilge--15 Lúnasa, 2007

R.N.

A dhialainn, a chara...

tá agallamh ag teastáil ó Raidió na Gaeltachta agus ní fheadar an inniu atá sé nó amárach. nó an Aoine. ach pé scéal é, caithfidh mé a rá go mbraithim mar pháiste óg ó thaobh na Gaeilge de, tar éis an líofacht chomh láidir atá le cloisint sa cheantar so agus ar an gcúrsa seo.

muinín, a Mharcais, muinín. bíodh muinín agat.

I.N.

do chuas go dtí Dún an Óir—níl mórán le feiscint ach amháin an radharc (atá ana-dheas ar fad!) agus tá “leac cuimhne” (???) ann leis. is cosúil gurbh insan séú aois déag rinneadh ár uafásach ar slua mór saighdiúirí ag airm Cromwell. Gearradh na cinn den gach duine acu, is dóigh.

Bhí madra ann ar mo bhealach go dtí na háite, agus chonacthas domsa go raibh sé ag iarraidh greim bia a dhéanamh de mo chois! faoi dhó a rith sé chugam—ar an mbealach sall agus an bealach anall. (ó scríobhadh an píosa seo, rith sé liom gurbh ag smaoineamh gur caora mé a bhí sé, agus bhí sé ag iarraidh mé a bhuachailleacht!)

cad eile—ó sea, amárach—bhuel ar dtús caithfidh mé insint duit, a dhialainn, gur bhuaileas le Maidhc Ó Cealaigh, an fear a mbuaileas leis ar an idirlíon roimhe seo! B'ionadh mór é sin, gan dabht! Mar sin, amárach, tar éis an sois, beidh agallamh á dhéanamh orm agus ar Mhaidhc, agus beirt eile. ag an stáisiún raidió de chuid R na G.

YIKES!!!

No comments: