Sunday, September 30, 2007

as mo dhialann Ghaeilge--12 Lúnasa, 2007

Bricfeasta—yum! Rice Krispies, caife, úll, yogurt—agus cúpla Gearmánach insan seomra liom—mé im' aonar mar sin féin--


ó diabhal an rud—oíche aréir—tháinig an leanúin béal dorais isteach an-déanach, agus ansin chaitheadar dhá uair a chloig ag bualadh craicinn! Yikes!


Ok, seo agam anois an chuid eile mo bhricfeasta.


Bainfidh mé an-sult as!


Níos déanaí--


am dinnéir anois. Do bhíos in ann caint le cúpla duine inniu as Gaeilge, ach rudaí simplí a rá den chuid is mó.


Agus shiúl buachaill le súil amháin tharam díreach anois—aisteach! Ní raibh paiste air ach bhí poll in ionad a shúl! anois—cén fáth sin? Is cuma. Ní cuimhin liom ainm an tí seo. (Tigh an tSaoirsigh, b'fhéidir) á, tá an bia anseo cheanna féin...


so cad tá déanta agam inniu? bhoil—d'éirigh mé agus d'itheas mo bhricfeasta. Tar éis sin, chuas amach chun dul go dtí an Daingean ar an ordóg, agus do fuaireas síob láithreach, nó geall leis (ba luath go bhfuaireas síob) teaghlach as Baile Átha Cliath ab ea na daoine a thóg mé, agus Gaeilge acu, bhoil ag na tuismitheoirí—bhí beagán ag na páistí. D'fhagadar i lar an bhaile mé agus do shiúlas timpeall go dtí gur aimsigh mé na háiteanna a raibh á lorg agam.. fuaireas Caifé an Ghréasáin, tigh óstán in a bheith mé in ann fanacht ar feadh cúpla oíche an seachtain seo chugainn—sin The Goat Street Cafe (Caifé Sráid an Ghabhair??). Agus fuaireas rothar ar cíos ón tsiopa ag Paddy...


agus mé ag an gcaifé, do bhuaileas le bean darbh ainm Claire—bhíomar ag roinnt boird le chéile mar gheall ar an méid daoine a bhí ann, agus tá an áit sin chomh beag.


Ok, bíodh leor a rá go thugas an rothar ar ais go mBaile an Fheirtéaraigh—turas 12 km a bheag nó a mhór, agus anois tá mo chroí fós ag preabadh! Agus tá mo thóin chomh pianmhar is a bhí sé inné!


Ok, sin é go fóill...

No comments: